Céard é Lá na hEorpa?
Ar Lá na hEorpa, déantar comóradh ar Dhearbhú Schuman, a cuireadh i láthair an 9 Bealtaine 1950. Leis an dearbhú, cuireadh tús le ré nua do shíocháin, lánpháirtiú agus comhoibriú daonlathach san Eoraip, sin agus leagadh síos an bhunchloch don Aontas Eorpach mar atá aithne againn air sa lá atá inniu ann.
Chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh 75 bliana an Dearbhaithe, tugann na hinstitiúidí Eorpacha cuireadh do shaoránaigh cuairt a thabhairt ar na foirgnimh agus chuig meascán imeachtaí a bheidh ar siúl ar líne agus ar an láthair sa Bhruiséil, in Strasbourg agus i Lucsamburg. Beidh gníomhaíochtaí breise ar siúl ar fud Bhallstáit an Aontais agus fud fad an domhain.
Cad a bheidh ar siúl?
Trí shraith imeachtaí, gníomhaíochtaí agus spásanna téamacha, tugann Lá na hEorpa deis do shaoránaigh cuairt a thabhairt ar na hinstitiúidí Eorpacha, eolas a chur ar an gcaoi a n-oibríonn siad ar bhonn laethúil, agus cur amach a fháil ar na beartais a mhúnlaíonn ár saol.
Cuirtear na gníomhaíochtaí go léir ar fáil saor in aisce, agus ní gá clárú dóibh.
Chun páirt a ghlacadh iontu, féach ar na cláir atá curtha le chéile ag institiúidí rannpháirteacha an Aontais don 4 Bealtaine in Strasbourg, agus don 10 Bealtaine sa Bhruiséil, i Lucsamburg, in Echternach agus in Frankfurt.
Imeachtaí i do thírse
Déantar Lá na hEorpa a cheiliúradh freisin ar fud 27 mBallstát an Aontais agus fud fad an domhain.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi imeachtaí Lá na hEorpa a reáchtáiltear ar fud na hEorpa, tabhair cuairt ar shuíomhanna gréasáin Ionadaíochtaí an Choimisiúin agus Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa.
Le haghaidh gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl ar fud an domhain, féach ar thoscaireachtaí an Aontais agus ar Mhisin agus Oibríochtaí atá ar siúl faoi láthair.
Dé hAoine, an 9 Bealtaine, tabharfar onóir don Aontas Eorpach freisin ag Taispeántas Domhanda 2025 in Osaka na Seapáine. An lá sin, cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit clár speisialta os comhair an tsaoil ina mbeidh saibhreas cultúrtha agus éagsúlacht chultúrtha na hEorpa.
Gailearaí na meán
EU Open Days 2024 at the European InstitutionsEU Open Days 2024 at the European Institutions Open Doors Day at the European Institutions 2024: opening ceremony Visitors in line to enter the Berlaymont building during the Open Doors Day Open Doors Day at the European Institutions 2024Group photo of workers during the Open Doors Day in front a satellite image of the Earth Europe Day at the European ParliamentEurope Day at the European Parliament Europe Day at the European CouncilEurope Day at the European Council Europe Day at the European CouncilEurope Day at the European Council Europe Day at the European CouncilEurope Day at the European Council Europe Day at the European CouncilEurope Day at the European Council Europe Day at the European CouncilEurope Day at the European Council Europe Day at the EESCEurope Day at the EESC Europe Day at the EESCEurope Day at the EESC Europe Day at the European ParliamentEurope Day at the European Parliament Europe Day at the European ParliamentEurope Day at the European Parliament Europe Day at the European ParliamentEurope Day at the European Parliament